Monday, February 26, 2007

go moch ar maidin

bhí na héadaí beag go leor ar a láimh, ach bhí siad barrmhór ar an orlár in aice leis an bhfear bheag. bhí sé barrbheag ar a leaba beag. ar ball beag bhí síle ar a leaba féin, agus bhí an teach uilig ciúin, cé go raibh an oíche fuar amhuigh, agus bhí sneachta agus báisteach agus gaoth mhór ann.

go moch ar maidin, bhí máthair shíle ag an mbricfásta as a céile. bhí sí sách uaignach, mar gheall ar nach raibh a hiníon ann ar chor ar bith. go deimhin, ní raibh a leaba ann ach a oiread, nó ar bith cláirseach ar chor ar bith. maidir leis an fear beag aisteach, bhí a leaba i gcónaí in aice leis an tine, ach ni raibh seisean féin áit ar bith thart.

ach bhí rud aisteach ag tarlú. cé go raibh siad ag ith an bia uilig a bhí san teach aréir, bhí go leor leor bia nua ar an mbord. bhí bainne bréa bán san soitheach, agus bhí tine dheas dhá lasadh agus bhí go leor adhmad nua ann in aice léi. bhí cóta nua fíorálainn agus fíorthe ar an doras chomh maith, agus bhí sé sách ceart uirthi. bhí sé an-chompóirteach, ar aon chaoi.

‘ach, cá bhfuil m’iníon?’ a deir an bhean mhaith. ‘cá bhfuil mo chailin álainn, mo chroi, an bhlath an thír agus mo ghasúr féin amháin.’

ní raibh sise ann ar chor ar bith. bhí sise áit eile, áit aisteach go leor, leis an bhfear beag, agus ní raibh focal ar bith aice leis an bhfatíos.

‘seo mo theach féin,’ a deir an fear bheag, ‘agus tá tusa i do chónaí anseo freisin anois.’

‘ach, cén fath?’ ar shíle.

‘mar gheall ar go raibh tú sách deas liom,’ a deir sé. ‘ní raibh duine ar bith chomh maith liom na a bhí tusa aríamh. mo dhóthan bía agus bainne, scéaltaí iontacha, amhrán álainn, agus ansin, leaba maith te... tá mise an-shasta leat, mo chroi, agus mar sin, is m’iníon thú anois. nach bhfuil tú sásta?’

‘níl, muis!’ a deir an cailín, go cantalach. cá bhfuil mo mháthair? an bhfuil sí fós in a cónaí san drochsheantheach céanna a raibh againnse? beidh sí fíoruaigneach, tá mé cinnte, an chréatúr! níl ar bith bia ann ach a oiread, mar bhí muid ag ith ‘chuile shórt a raibh againn aréir. beidh uirthi a shiúl ag an baile mór
agus tá sneachta ann, agus tá an aimsir sách fuar agus níl ach seanchóta tanaí aice. ní bheidh mise sásta aríst aríamh sol má a bheas mise ar ais le mo dheamháthair mhaith.’

‘muis, muis,’ a deir an fear bheag. ‘tá do mháthair sean, agus gránna, agus cantalach go minic, agus tigim go mbionn sí tinn i gcónaí, agus mar sin, beidh sí marbh ar ball, agus beidh do shaol níos fearr ansin, nach mbeidh?’

‘tá mo mháthair go hálainn, agus go deas, agus go maith. beidh mise barrolc mar bhím sásta leis an mbarúil go mbeadh sí marbh go luath!’

‘b’fhéidir go bhfuil sé sin fíor,’ a deir an fear bheag. ‘ach sílim féin nach bhfuil. an raibh an sheanbhean granna go holc? creidim nach raibh. bhoil, nuair a bheas sí marbh, beidh sí ar neamh, nach mbeidh? beidh sí sásta go leor ansiúd. anois, tá sí ina cónaí san drochsheantheach fuar atá aice, agus níl mórán bia nó adhmad ann, agus tá sneachta ag titim, agus tá sí uaigneach chúile uair nach bhfuil a niníon ann. tá barúil agam go mbeadh an sheanbhean níos sásta marbh!’

‘a rifíneach!’ a deir síle. ‘tá tú go holc, cinnte!’

‘nach bhfuil sé sin fíor?’ a deir an fear bheag.