Friday, April 27, 2007

an bia draíochta

bhí síle te agus compóirteach in aice leis an tine bhreá sin.
bhí an seomra beag aisteach go leor agus sách spesiúil, agus cé nach raibh sé dháirire go hálainn, bhí sé cineál go haoibhinn mar sin féin. bhí dathanna deasa ar na ballaí, agus cé go raibh an suileáil sach iseal, nuair a bhí sí ag seasamh ar an orlar, bhí an suíleáil sách ard. go deimhin, bhí sí go díreach ceart aice féin freisin.
‘is aisteach é an rud sin,’ a deir an cailín óg.
bhí dhá fhuinneoig bhreá ann, agus amhúigh bhí croinnte álainne, agus ar chúla na croinnte seo bhí sléibhte móra ann. bhí abhainn bheag aoibhinn faoi na croinnte, agus bhí éannacha deasa ag feadaíl go haoibhinn faoi ‘chuile chrann. idir na croinnte agus na sléibhte, bhí garraí glas ann, agus bhí neart blathanna iontacha agus fear ard aoibhinn san ngarraí. bhí go leor torthaí maithe ar na croinnte uilig.
‘ach ca bhfuil an fear beag?’ ar an gcailín. ‘agus ar aon chaoi, tá mise fós anseo, agus tá mo mháthair sa mbaile i gcónaí. tá mé cinnte go mbeadh sise an- uaigneach ansin ‘chuns atá mise anseo.’
ansin, tháinig an fear beag agus bhí cupla toradh deas as na croinnte aige, agus bhí trí iasc mór aige as an abhainn. bhí siad fós fliuch, agus bhí an dath ar a dtaobhanna cosúil leis an airgead. bhí siad go hálainn! bhí cupla uibh ag an bhfear beag chomh maith.
‘bhoil, a deir sé leis an gcailín óg. ‘an bhfuil tú tuirseach i gcónaí? tá mé cinnte nach mbeifeá!’
‘níl. níl mé tuirseach ar chor ar bith,’ ar sise.
‘is maith é,’ ar seisean. ‘ach anois, an bhfuil tú compóirteach? nach bhfuil tú rud beag fuar? nó, b’fhéidir go bhfuil tú rud beag te? tá an lá sách te inniú, ach tá gaoth bheag ag éirí anois is aríst, agus tá mé cinnte go mbíonn sí cineál fuar.’
‘níl mé fuar agus níl mé te,’ a deir síle. tá mé go díreach ceart.’
‘bhoil, tá go leor bia agus deoch anseo. tá mé cinnte go mbeadh ‘chuile shórt níos fearr agat mar bhíonn tú ar an gcathaoir seo ag an mbord seo liom. bruithfidh mé an t-iasc agus na huibheacha seo agus beidh muid ag ithe iad.’
‘ní bheidh mise ag ithe do chuid bia, ar chor ar bith!’ ar síle. ‘tá a fhíos agam go bhfuil an bia sin draíochta, agus mar bhím ag ithe é, ní bheinn in ann goil abhaile aríamh aríst. tá mo dheásheanmháthair uaigneach sa mbaile agus tá mé ag iarradh a beith lei aríst. na coinnigh mé anseo!’
‘ach bhí tusa go deas liomsa féin, agus anois, tá mé sásta beith go deas leatsa féin chomh maith. ní chreidim go raibh tú sásta sa mbaile leis an seanbhean ghránna sin. beidh ceol deas agus bia aoibhinn agus rudaí álainne agat anseo, mar bhionn tú ag fanacht liom. sol má atá deireadh leis an seachtain seo, beidh tú an-shásta anseo.’
bhí síle ciúin tamall, agus a deir sí ansin, ‘mar sin féin, níl mé sásta suí ag an mbord leat ag ithe do chuid bia.’