Sunday, March 09, 2008

comhrá agus ceol

ní raibh focal ar bith ag síle. bhí sí ciúin ar fad. bhí sí ag breathnú go bocht ar an orlar.

“deir mé cén fath,” ar seisean. “mar gheall ar go bhfuil an dhrochsheanbhean sin, do mháthair, fós beo… ar ndóigh, ní móide go mbíonn an fear óg breá seo sásta fanacht i bhfad go dtí sé in ann pósadh an t-aon cháilín deas amháin, nuair atá cúigar nó seisear atá sásta é a phósadh go díreach anois, agus ’chuile cheann chomh álainn is a bhíonns ’chuile cheann eile – agus bíonn chuid ann atá níos óg ná atá tusa, freisin! ”

chuns a bhí sé ag caint mar sin leis an gcailín óg, bhí sise ag tosú ag caoin. ní raibh sí fós in ann éist go ciúin le na focla seo, a bhí crua ach fíor. bhí deireadh leis a smeach go sciobtha, agus bí sí ag breathnú aríst go díreach ar an bhfear beag. “is í sin an fhirinne,” a deir sí, fíorbhocht agus feargach in éindí, agus bhí a croí tinn leis a bhfaitíos. “go deimhin tá mé beagnach cinnte go bhfuil sé cineál mór le Máire ní Bhia, agus is breá í an cáilín í, cáilín ard óg ag an seanshiopa beag in aice leis an teach ósta ag an mbaile mór.” agus bhí sí ag tosú ag caoin aríst.

‘mar sin féin, a shíle, a chréatúr, nach bhfuil cionn aige ort - níos mó ná atá aige ar na cailíní eile uilig?’
‘ar ndóigh, is é mo fhíorcharaid é le sé nó seacht bliana, agus tá a fhíos agam go bhfuil sé níos mór liomsa féin i gcónaí ná a bhí sé aríamh le Máire ní Bhía nó le cailín ar bith eile.’
‘má tá,’ a deir an fear beag sí. ‘agus dhá mbeifeá in ann eisean a phósadh amáireach bheadh sé sásta go leor é a dhéanamh.’
‘bheadh, cinnte,’ a deir sí, agus bhí a súile gorma fliuche mór, agus bhí síse ag breathnú ar an bhfear sí beag go feargach.
‘bhoil, níl tusa in ann é a phósadh amáireach, agus mara bheidh sé amáireach, nó sách luath ar aon chaoi, níl sé ag goil ag tarlú aríamh!’
‘’sin í an fhírinne,’ a deir sí, agus bhí sí ag caoin go hanbhann. ‘agus mar sin… ní bheidh… mé sásta… aríamh!’
nuair a bhí deireadh leis a caoin, agus bhí sí in ann cloisteail aríst, bhí an teach beag aisteach lán de ceol álainn, mar bhí an fear beag ag casadh fonn draiochta eile ar a chláirseach bheag. bhí sí ag éist le ar feadh píosa, agus ansin, tháinig ocras agus tart mór uirthi. bhí sí beagnach ag síneadh píosa éisc as an bpláta in aice leis a láimh, ach amháin, bá cuimhne léi nach mbeifí in ann goil abhaile aríamh má bheifí ag ithe an bia sí.
ansin, solmá a bhí sí in ann síleachtáil chomh uafasach bheadh fanacht ag an áit aisteach seo, cé go raibh na garraí go hálainn - bhí blathanna deasa acu agus bhí neart croinnte iontacha ann, agus bhí na beithigh agus na caoirigh, a bhí ag ithe an féar glas a bhí ag fás ar na cnoic aobhainne thart, sách breá. cé go raibh a n-éadan fós fliuch leis an gcaoin, bhí sí beagnach sásta ag breathnú orthu chuns a bhí deireadh leis an gceol cláirsí draíochta.

No comments: