Wednesday, April 02, 2008

maidin an-fhada

bhí an maidin sin an-fhada. amanna bhí síle ag iarradh ag goil amuigh. bhí an aimsir go hiontach, agus bhí an thír an-álainn, ach bhí faitíos uirthi nach mbeadh sí in ann fáil an bealach abhaile aríst mar bhíonn sí ag tosú ag siúl thart, agus mar sin, bhí sí ag fanacht isteach. bhí an fear beag ag teacht agus ag goil, ag déanamh a chuid obair go suaimhneach, agus anois agus aríst bhí sé ag caint go lach leis an gcailín óg.

‘is mór an truaí go bhfuil ort fanacht abhaile leis do mháthair mar sin. níl a fhios cé chomh deas leis an saoirse!’ agus bhí sé ag damhsa tamall ar an orlár.

bhí síle tuirseach agus bhí sí ag rá, as taigd, ‘cen fáth nach raibh tú ag tarraingt an sheanbhean i féin anseo, agus ag ligean mise abhaile? bheinn in ann pósadh ansin, agus beidh cineál saol agam.’

bhí a súile glica ag breathnú ar shíle. ‘an bhfuil tú ag iarradh go mbeinn ag tarraingt do mháthair? do mháthair féin? beidh sí ag básaigh.’ agus bhí sé ag croitheadh a cheann aríst.

bhí láimh fhuar ar chroi shíle. an raibh sí ag iarradh deireadh léi? bhí sé fíor go mbeadh sí saor mar bhíonn a mháthair marbh. bá olc í, mar sin! ní raibh focal ar bith aice. ach ansin bhí sí ag cuimhne ar a staid féin: bhí sise í féin dhá tharraingt, agus ar ndóigh, mara mbeadh sí in ann gan ithe an bia sí, ní bheadh sise goil abhaile - beadh sé sin a bássa féin – ach amháin, bheadh sí beo i gcónaí anseo, ar an domhan nua álainn seo, bheadh sí chomh beo is a bhí sí ansin, is a bhí sí nuair a bhí sí sa mbaile, nó níos beocha, go deimhin, gan a máthair…

‘…”cen fáth nach raibh tú ag tarraingt an sheanbhean i féin”… is aisteach í an cheist sin,’ ar an bhfear beag sí. ‘an bhfuil tú ag iarradh go mbeinnse ag dúnmharú í?’

‘ní bheifeá in ann é!’ ar shile, agus bhí faitíos mór uirthi.

‘muise, bhéinn, cinnte!’ a deir sé. ‘ní bheadh an obair sin deacair ar chor ar bith. bheinn in ann é a dhéanamh, cinnte.’

‘is olc é, an rud sin!’ ar shíle aríst.

‘‘s ea,’ ar an bhfear beag.
‘bheadh sé sin uafasach!’

‘ní bheadh.’

‘ní bheadh? nach mbeadh sé uafasach bheith ag iarradh a bás ar mo mháthair?’

‘ní bheadh ar chor ar bith. tá an créatúr tinn agus sean agus míshásta. is bocht é an saol atá aice. bheadh sí níos sásta marbh. bheadh a t-anam saor.’

‘bheadh sé níos fearr ma bheifeá ag cur sonas uirthi,’ ar shíle. ‘ansin, bheadh sí sách compóirteach sa mbaile i a haonar agus bheinn in ann pósadh.’

‘an mbeadh an sheanbhean sin sásta thú a fheiceáil pósta aríamh? an mbeadh sí sásta gan thusa ag fanacht leí? ní bheadh. níl mé in ann athrúinti a nádúr.’

‘mar sin féin,’ ar shíle, ag dtosú ag caoin aríst. ‘bhéinn sásta feiceáil an sheanbhean truacánta aríst – ‘chuile lá! bheinn sásta léamh a cuid scéaltaí tráthnóna. bhéadh muid an-chompóirteach in éindí aríst.’