Tuesday, June 20, 2006

torann as an doras

Bhíodh bean in a cónaí ansiúd, agus a hinín freisin.
Bhí an inín sách óg, ach bhí sí glic go leor, agus bhí sí chomh álainn is a bhí na blathanna a bhíodh ag fás ar na cnoic aoibhinn a bhí thart ansin. Síle a bhí uirthí.
Tráthnóna fuar amháin, nuair a bhí an bheirt istigh in eindi in aice leis an tine, a deir an mháthair leis an gcailín, “ A Shíle, oscail do leabhar mór agus léigh cupla scéal. Tá an scéalta na sách spéisiúil agus tá na péictúir go hiontach.”
Ní raibh ach an t-aon leabhar amháin ag an gcailín, agus bhí sí an-shean. Ach a deir Síle, “Cloisim duine eicint ag an doras, a mháime! Sílim go bhfuil strainséara ann. Ní bheadh an muintir seo againnse ag teacht ar cuairt ar dhuine ar bith tráthnóna fuar mar sin.”
“Oscail an doras, a Shíle,” a deir an bhean mhaith. “Is fuar í an oíche inniú. Tá goath mhór agus báisteach ann agus b’fhéidir go mbeidh sneachta ann go luath.”
Bhí an cailín ag oscailt an doras, ach ní raibh sí in ann feiceail duine ar bith amúigh.
“Níl duine ar bith ann ar chor ar bith!” a deir sí. ”Muise,” a deir an mháthair. “Tá sé sin aisteach go leor. Ach ar aon choai, mar sin féin, bheidh muide ag léamh do leabhar. Tá sé te go leor in aice leis an tine.”
“Tá cinnte,” ar Shíle, “agus tá sé fíorfhuar amúigh! Anois, cá bhfuil an leabhar seo?”
“Tá sí anseo,” a deir a máthair.
Ach ansin, a deir Síle aríst, “Muis! Cloisim aríst é! Tá duine ag an doras, cinnte!”
“Oscail an doras aríst,” a deir an mháthair. Bhí an ghaoth fliuch ar a héadan, agus bhí sí an-fhuar. Bhí sí ag breathnú amach foin oíche dhorcha. “Ní fheicim duine ar bith í gcónaí,” a deir sí.
“Tá sé sin aisteach go leor, mh’anam go bhfuil!” ar an mháthair. “Ach tá tú ag éirí fuar ansin, a chréatúr. Beidh sneachta ann, cinnte. Beidh muid te anois in aice leis an tine dheas seo. Anois, tóig do leabhar mór, agus oscail í. Beidh mise ag breathnú ar na péictúir chúns atá tusa ag léamh na scéalta.”
Tháinig an cailín óg arais, ach sol má a bhí sí in ann tóigeail an leabhar, bhí sí ag cloisteail torann as an doras aríst, agus bhí uirthí oscailt é aríst. Bhí sneachta ann cinnte, cheanna féin. Bhí an oíche an-dubh, ach bhí an cailín ag breathnú cupla nóimead, ach ní raibh sí in ann féiceail nó cloisteail duine ar bith ar chor ar bith.
“Ní chreidim nach bhfuil duine ar bith ann,” a deir an mháthair, mar gheall ar go raibh sise ag cloisteail an torann sin freisin. “Breathnaigh aríst! Tá duine ann cinnte!”
“Ní chreidim nach bhfuil tú ansin!” a deir Síle go cantalach leis an oíche dhubh fhalamh. “Spáin dhomh thú féin!”
Ní raibh focal ar bith ag an oíche dhubh fhuar sin, ach amháin an focla draíochta a bhí an ghoath ag rá leis an tír í féin, agus ní raibh an cailín óg, ná a máthair in ann tiscint iad sin ar chor ar bith!

Sunday, June 11, 2006

I dtosach

Mar bhítear ag iarragh ag foghlaim teanga, is féarr é bheith ag úsáid í, cé go mbítear ag déanamh neart meancóg í dtosú.

Mar sin, cé nach bhfuil mo chuid Gaeilge an-mhaith go fóill, tá mé ag scríobh scéalta beaga anois agus aríst, agus seo ceann anseo.

Tá fáth eile go mbím ag cur é ar an líon mar seo: uaireanta bím ag rá rudaí ar líostaí nó áiteacha eile agus b’fhéidir gur dhóigh le daoine go mbíonn cuid acu cineál dána. B’fhéidir go mbheifí ag iarradh ag fionn cé mhead eolas atá agam, nó cé mhead Ghaeilga atá agam, a bheith ag déanamh mórtas faoi rudaí nach mbíonn a fhios ag duine ar bith, ach amháin saineolaí iad féin, mar gheall ar nach mbíonn siadsan ag aontú liom ar chor ar bith.

Níl céim agam as ollscoil ar bith ag an am seo agus b’fhéidir nach mbeidh ceann agam aríamh. Bhí mo chuid eachtra faoi ollscoilanna ag milleadh mo bharúil fúthu orm. Bhí mé ag déanamh go maith ansin, ach bhuain sé geit asam go minic. Níl mórán ionracas ag go leor scoláirí, agus bíonn an iomarca cumhacht ag cuid acu freisin. Mar sin féin, táthar in ann feiceail anseo cé mhead Gaeilge atá agam. Ar ndóigh, tá mé ag éirí níos fearr í gcónaí.

Síle agus Grian-is-Gealach

Ar chnóic íseal in aice leis an bhfarraige bhí baile mór beag deas. Ní raibh mórán daoine ann: go deimhin, ní raibh ach naoi nó deich teach bán in aice leis an mbóthar mór, teach a phobail beag, scoil bheag, síopa amháin agus cupla feilm chompóirteach thart faoin tír.

Bhí abhainn aobhinn in aice leis an baile mór seo, agus bhí teach amháin ar an talamh íseal faoi na seanchroinnte móra a bhí ag fás ansin. Bhí garraí beag ag an teach, agus beithíoch, asal liath beag, cupla muic dheas agus neart cearca ar an talamh ard in aice leis an teach. Bhí cupla crann breá taobh eile, agus bhíodh go leor leor ullaí iontacha ag na croinnte sin ‘chuile bhliain. Bhíodh neart eannacha beaga ag feadaíl go hálainn faoin billeoga í gcónaí.

Bhí an abhainn réasúnta domhain ag an áit sin in aice leis an teach, agus bhí an t-uisce sách glan agus fuar, agus mar sin, bhíodh í gcónaí go leor iasc ann. Go deimhin, bhí an fheilm sin an-shoibhir, cé nach raibh mórán airgead ag an muintir ar chor ar bith.