Sunday, July 30, 2006

scéal eile.

bhí an scéal sin chomh maith is a bhí an ceann eile.

bhí cailín óg ann agus bhí sí go hálainn, ach bhí sí fíorbhocht agus ní raibh ach drochsheanéadaí ag an créatúr sin. ní raibh bróga ar bith ar a cosa ar chor ar bith ach oiread. nuair a bhíodh an aimsir go breá, bhíodh sí te go leor, ach nuair a bhíodh an aimsir go dona, bhíodh sí fuar agus fliuch. nuair a bhí an bhliain go maith, sa gcaoi go mbíodh torthaí fairsing ag na croinnte agus iasc fairsing ag na aibhneacha, bhíodh bia go leor ag an gcailín óg, agus nuair a bhíodh an bhliain go dona, bhí ocras uirthi go minic.

mar sin féin, bhí sí sásta leis an saol, mar gheall ar go raibh na croinnte an-álainn: go deimhin, duirt sí, “is iad mo dheartháracha,” agus bhí na haibhneacha go haoibhinn agus duirt siad leis an gcailín óg “is thú ar ndriofúr,” agus bá iad na heanacha a bhíodh sách deas a cairde, agus bhí na croinnte áthasach mar gheall ar go raibh siad ag feadaíl fúthu i gconaí.
bhí an ceol seo barr-álainn, agus bhíodh sí in ann éistach leis an lá uilig.

Anois, bhí fear óg breá in a chónaí faoin tír sin, agus bhí sé an-shoibhir. Bhí an t-uafas airgead ag a mhuintir – níl a fhíos cé mhéad – agus bhí beithigh bhreá agus caoirigh álainne agus caiple iontacha acu. Bhí a bhfeilm an-mhór, agus bhí a dteach go hálainn, agus bhíodh neart daoine uaisle ag tíocht isteach agus ag goil amach.

duirt sé, “is spórt go leor é mo shaol”, mar gheall ar go raibh daoine ann leis a gcuid clairseacha agus a gcuid feadóga ‘chuile oíche agus bhíodh an ceol álainn. bhíodh daoine ag damhsa agus ag casadh amhráin í gcónaí. go hiondúil bhíodh an maidin ann sol má a bhíodh deireadh leis an gcraic.

bhí samhradh ann agus bhí an cailín óg bocht ag siúl in aice leas an abhainn beag a bhí in aice leis an mbóthar a bhí ag tíocht as an teach sín, agus tháinig an fear óg soibhir. Bhí a chuid éadaí go hálainn agus bhí a chuid bróga go hiontach. Bhí sé ar chapall bán barriontach.

“dia dhuit,” a deir an cailín.

“dia is múire dhuit,” ar seisean, “cé thú féin?”

“áine atá orm.”

“cén áit an bhfuil tú í do chónaí?”

“anseo,” a deir sí, “agus ansin, agus ansin, agus ansiúd... Níl ar bith teach agam, ach tá mé í mo chónaí ‘chuile áit.”

“cá bhfuil do mháthair?” a deir an fear óg soibhir.

“seo í mo mháthair, an tír uaine í féin.”

“agus t’athair?”

“Sin é m’athair, an spéir ghorm í féin.”

“agus do dheartháracha agus do dhriofúracha?” ar an fear óg soibhir.

“is iad na croinnte mo dheartháracha agus is iad na haibhneacha mo dhriofúracha,” a deir sí.

“agus an bhfuil cairde ar bith agat?”

“tá cinnte. is iad na heanacha beaga mo chairde, is a bhíonns ag casadh a gcuid amhráin álainn faoi na croinnte an lá uilig.”

“an bhfuil tú sásta mar sin?” ar an fear óg soibhir.

“tá, an-shásta.” a deir sí.

2 comments:

Anonymous said...

Is dóigh liom go bhfuil ábhair draoi innti cheanna féin

Klatuu o embuçado said...

To keep goats is fine.