“b’fhéidir go bhfuil, ach ní bheinn go maith dhá mbeinn sásta leis an mbarúil sin, ar aon chaoi,” a deir síle.
“agus ar ndóigh, nuair a bheas sí marbh, beidh do shaolsa níos fearr, nach mbeidh?”
“b’fhéidir go mbeidh, ach...”
“ar ndóigh, beidh!” a deir an fear bheag. “beidh seans ar obair agat nó oideachas maith, nach bhfuil, nuair a bheas sí marbh - dhá mbeadh síse marbh sol má a bheas thusa roshean.”
“níl mé cinnte,” a deir síle, cantalach aríst.
“tá tú go leor cinnte,” a deir an fear bheag. “agus nach mbeadh seans eile ann?”
“seans eile?” ar sise.
“fear óg breá, cuir i gcás?”
ní raibh focal ar bith ag an gcreatúr le taghd.
“silim go bhfuil sé sin go díreach fíor,” a deir an fear bheag olc. “tá tú mór le buachaill eicint, nach bhfuil?”
“nach dona thú, a rifíneach!” ar shíle. “agus an bhfuil mé anseo leat mar gheall ar go raibh mé go deas leat? ochone! beidh sé níos fearr mara mbeinn go deas le duine ar bith aríamh!”
“bhoil, beidh mise go deas leatsa, ar aon chaoi,” ar seisean. “ní raibh do bhricfásta agat go fóill. bheitheá sásta le iasc, agus arán agus im, agus deoch dheas, bainne nó uisce, agus tá uibheacha ann freisin. nó tá feoil agus torthaí ann...”
“tá mise níos glic na atá tusa ag creisdiúint,” a deir síle. “ní beidh mé ag ithe ar bith bia nó ag ol ar bith deoch chuns atá mé anseo. tigim go maith go mbeinn anseo i gcónaí dhá mbeinn ag ithe an bia si.”
“bhoil, bhí tusa go deas liomsa, agus bhí amhráin álainne domsa féin, agus mar sin, beidh mise go deas leatsa agus beidh mé ag casadh ceol deas duitse féin.”
fuair sé cláirseach bheag álainn a bhí aige. bhí sí beag go leor – ní raibh sí níos mór na a bhí méir bheag shíle, ach bhí an ceol a bhí aisti sách mór agus barr-álainn freisin.
cé nach raibh síle sásta, ní raibh sé í bhfad sol má a bhí sí ag damhsa! an fear bheag a bhí ag casadh a cheol dríochta agus bhí síle ag damhsa agus go luath, bhí sí tuirseach. sol má a bhí deireadh leis an gceol sin, bhí síle ar an orlar ina codlata.
bhí cupla uair an cloig sol má a bhí an cailín ar a cosa aríst. bhí sí fós san teach bheag aisteach a bhí ag an fear bheag, ach ní raibh an fear bheag é féin ansin. bhí tine bhreá te ann agus fuair sí cathaoir dheas agus compóirteach a bhí in aice leis an mbord agus bhí sí ag cur í in aice leis an tine seo.
bhí an chathaoir sin aisteach go leor. chuns a bhí síle ar an gcathaoir seo, bhí sí ceart, na robheag na romhór. nuair a bhí síle in aice leis an tine, agus nuair a bhí sí ag breathnú ar an mbord bheag agus a chaireacha, bhí an chathaoir sin go leor beag, chomh bheag le na cathaoireacha beaga si eile a bhí leis an mbord bheag. bheadh leprechaun sách compóirteach ar an chathaoir sin. ach nuair a bhí síle ag goil ag fuair í, bhí sí mór aríst, agus nuair a bhí sí ag cur í in aice leis an tine, bhí sí go díreach ceart ag síle.
Saturday, March 31, 2007
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
No comments:
Post a Comment