Sunday, July 02, 2006

an duine beag

Ní raibh ceo ar bith ann ach amháin an ghaoth fhuar agus an sneachta bán ag tíocht isteach chuns a bhí sí ag fanacht ansin in aice leis an doras oscailte.

“An bhfuil ceo ar an talamh?” a deir an mháthair. “B’fhéidir go raibh duine eicint ag cur ceo ar an talamh in aice leis an doras.”

“Ar an talamh?” ar Shíle. “Tá, muis! Feicim! Feic! Tá duine beag aisteach ann, anseo, ar an talamh – tá sé barrbheag, níl sé ach cupla orlach ar airde! Feic!”

Bhí an bhean ag éirí as an gcathaoir agus ag tíocht ag an doras, sa gcaoi go mbeadh sí in ann breathnú air freisin. “Feicim é!” a deir sí. “Mh’anam go bhfeicim!”

“Tá sé ag caint liom! Cloisim anois é!” a deir Síle. “Dia dhuit, a dhuine beag!”

“Dia is Múire dhuit!” a deir an duine beag go mhúinte. “Tá mise go maith. Agus conas tá tusa agus do mháthair an oíche fhuar seo?”

“Tá muide go maith, cinnte,” a deir an cailin óg.

“Tar isteach,” a deir an mháthair. “Tá an aimsir uafásach, agus
sílim go mbeitheá go leor fuar. Tá tine bheag dheas anseo agus tá cloch bheag aoibhinn in aice léi. Beidh tú níos teocha agus níos trioma go luath anseo.”

“Go raibh maith ‘ad,” a deir an duine beag. “Go deimhin, tá mé sách fuar agus fliuch. Ní raibh oíche ann aríamh cosúil leis an gceann seo.”

Agus mar sin, bhí an triúr ag goil ag an tine, agus bhí an cailin agus an bhean ag suí ar a gcathaoireacha agus bhí an fear beag aisteach ag suí ar an chloch bheag aoibhinn agus chuns a bhí an fear beag ag éirí te agus tirim, duirt an bhean leis an gcailin og, “A Shíle, oscáil aríst do leabhar iontach. Spáin dhom na péictiúir agus léigh cupla scéal.”

“Tá scéal deas anseo,” a deir Shíle. Bhí sí ag tosú ag léamh í.

Bhí an scéal suimiúil go leor agus bhí an triúr an-shásta agus compóirteach in aice leis an tine. Ach ar ball beag, duirt an fear beag, “An bhfuil bia ar bith ann ar chor ar bith? Ní raibh píosa aráin nó feoil, nó rud ar bith eile agam le hithe i bhfad. Beidh buíochas mór agam má bhíonn tada deas agam go díreach anois, más é do thoil é.”

“A chréatúr,” ar an mháthair. “Ar ndóigh, tá go leor bia againn. Bhí iasc agus arán agus torthaí deas ag a ndinéar cupla noiméad o shin. Tá bia go leor ar a mbord í gcónaí, agus tá fíon deas ann freisin. A Shíla, mo chroi, cuir ceo aoibhinn ar phláta beag ag an bhfear beag.”

Bhí Síle ag cur píosa aráin agus iasc agus torthaí ar phláta bá lú a bhí acub agus bhí sí ag tabhairt é ag an bhfear beag aisteach.

Bhí an pláta go lear beag ar láimh Shíle, ach bhí sé barrmhór in aice leis an bhfear beag sin.

“Sílim go mbeidh an píosa aráin sin romhór, agus tá an iomarca iasc ann,” a deir an cailin. “Ní bheadh duine ar bith a bhfuil chomh beag sin in ann ith an chuid sin uilig. Go deimhin, bhí a phíosa aráin chomh mór le leaba in aice leis, agus bhí a chuid iasc cosúil le cnoc réasúnta ard é féin.

Ach “Ní bheidh,” a deir an fear beag. “Beidh sé go díreach ceart. Go raibh maith agat, a chailin mhaith. Anois, le do thóil, beidh mise ag ith é chuns abheas tusa ag léamh an scéal sín.”

Agus bhí Shíle ag léamh an scéal, agus bhí a mháthair ag breathnú ar na péictiúir iontacha, agus bhí an fear bheag aisteach ag ith a chuid bia agus ar ball an-bheag, bhí an pláta beag falamh arfad, agus bhí an duine beag ag éisteacht leis an scéal agus ag breathnú ar na péictiúir freisin.

No comments: