Thursday, December 13, 2007

an fear beag olc

‘ach anois, muise, muise an chréatúr. bhíodh deireadh leis an bhfaitíos atá ort. níl mise go holc mar sin! is cráic í, go deimhin, nuair a deirim go mbíonn na fir óga uilig gránna atá thart faoi na bólaí seo. ach níl caoi eile bheith ag cur na céisteanna seo ort, agus tá orm iad a chur. tá an t-eolas seo tábhachtach cé go mbím ag iarradh ag déanamh neart rudaí maithe ar an mbuachaill sin a bhfuil tusa ag iarradh ag posadh.’
‘agus ar mo mháthair?’ a deir sise, cantalach i gcónaí, cé go raibh fatíos fós uirthe. ‘níl mé in ann í a fhágáil. céard a bheas ag tarlú ar an gcréatúr?
‘o muis, a chailín bocht. céard atá níos fearr, an saol sa mbaile le do dhrochsheanmháthair, nó saol nua leis an mbuachaill seo agatsa?’
‘níl mé sásta a bheith ag éisteacht leat!’ a deir síle.
‘nach bhfuil an mháthair sin ’adsa sean, bocht, agus cantalach go hiondúil? nach mbíodh an tráthnóna rofhada ort ag suí leis an seanbhéan?’
‘bhíodh… ach is í mo mháthair í, agus bheadh sí síoruaigneach gan mise, agus mar sin, tá orm fanacht sa mbáile leí.’
‘agus nach mbíonn damhsaíocha agus cráic mhaith ag an mbaile mór dé sathairn tráthnóna, nuair a bhíonns na daoine óga uilig in éindí… ach amháin, tusa thú féin?’
‘bíonn, ach tá mé sásta fanacht le mo mháthair. bhéinn ag iarradh comrádaí deas liom nuair a bheas mise sean.’
bhí an fear beag ciúin ar feadh píosa, ag síleachtáil. ansin duirt sé, ‘tá neart cailíní eile ann atá mór leis an mhícheál óg breá seo ’adsa.’
‘b’fhéidir.’
‘tá cinnte! tá a fhíos agam air. níl fear ar bith faoin tír uilig atá chomh breá is atá seisean, a deir tusa thú féin, agus a deir neart cailíní eile, freisin. ar ndóigh, tá beagnach ’chuile chailín óg aoibhinn thart ansúid nach bhfuil pósta cheana féin (agus cupla atá é) ag iarradh ag pósadh é, cailíní a bhíonns ag castáil air níos minicí is a bhíonns tusa, chuns a bhíonns tusa ag fanacht sa mbaile leis an drochsheanbhean.’
‘níl!’ a deir síle, agus bhí fearg uirthi. ‘ní hé an fhirinne ar chor ar bith!’
‘nach é?’ ar an bhfear beag.
‘ní hé! tá mé cinnte go bhfuil sé ag iarradh ag pósadh mé féin. bíonn sé an-dheas liom nuair a bhíonns muid in éindí. nuair atá mé ag goil go dti an teach an phobail le máime, bíonn sé ag siúl linn tamall go minic, agus bíonn sé an-dheas leis an seanbhean. ar ndóigh, níl sé ag iarradh ag pósadh sise. bíonn sé ag iarradh ag taithneachtáil mise.’
‘tá a fhios agat go mbíonn sé an-dheas le seandhaoine uilig. agus le ’chuile dhuine eile freisin. is lách é, an buachaill sin, is múinte é.’
‘bhoil, ní bhíonn sé ach múinte le na cailíní eile a bhíonns sé ag castáil orthu ag an deireadh seachtaine.’
‘muis, éist leis an gcailín seo!’ ar an bhfear beag agus bhí sé ag gáirí. ‘ar ndóigh, is dóigh leat gur thusa an cailín is áille ar an domhan í, nach ea?’
‘tá mé cinnte go bhfuil cion ag mícheál ormsa féin. chuns a bhi muid ar an meanscóil in éindí, bhí sé mór go leor liom.’
‘creidim go raibh sé cupla blian o shin,’ ar an bhfear beag. ‘agus anois, níl sibh pósta go fóill. cén fath?’

Sunday, December 02, 2007

an fear óg breá

‘má tá,’ a deir an fear beag sidhe. agus fuar sé soithí agus sceana agus spúnóigi agus plátaí, agus bhí obair agus gnaithí mór ar an rifineach bheag cupla noiméad.

bhí baladh iontach ar shrón shíle, agus bhí mothú falamh ar a goile, agus go leor uisce ar a beal, ach mar sin féin, ní fhuair sí ar bith píosa arain, nó aon thoradh, mar nach raibh sí sásta fanacht ar an tír draíochta sin.

bhí a dhinnéar ag an bhfear beag, agus chomh luath is a bhí sé réidh ag ithe é, a deir sé, ‘deir tú go bhfuil tú mór le buachaill eicint sa mbaile. cén buachaill?’

‘níl mé ag iarradh ag caint faoi ar thusa ar chor ar bith!’ a deir síle go cantalach.

‘muis,’ a deir sé. ‘tá mé ag iarradh an t-eolas faoin mbuachaill seo mar gheall ar go bhfuil mé ag iarradh ag déanamh rudaí deasa air. an bhfuil sé ard nó nach bhfuil? cén dath atá ar a chuid gruaige? a chuid súile? an bhfuil sé tanaí, nó…’

'ná chuir na ceisteanna olc sin orm,muis,’ a deir síle. ‘ní bheidh aon fhocal amháin asam agat faoi mo mhuintir nó faoi mo chairde, nó faoi mo chomharsanna ar fad ach a oiread.’

‘bhoil,’ ar an bhfear beag, agus bhí solas olc ar a shúil bheag. ‘tá mé in ann déanamh rúdaí uafasacha ar na fir óg uilig a bhíonns ansiúd… cé go mbíonn drogall mór orm air. ta mé sásta gan déanamh dochar ar do fhear óg féin, cuir i gcas. is fearr liom déanamh rúdaí maithe air. ach níl mé in ann cuidiú le ’chuile duine. mar sin, cén fear óg ab é?

‘an bhfuil tú chomh olc sin?’ a deir shíle, agus bhí faitíos ar a chuid súile gorma.

‘níl,’ a deir sé. ‘níl mé sásta le déanamh dochar ar duine ar bith! ach mar bhéadh tusa chomh ciúin seo faoin abhar seo, ní bhéinn in ann déanamh maith ar do fhear óg. an bhfuil tú sásta gan cuidiú leis? nach dóigh leat go bhfuil a rath tabhachtach?’

‘a rath?’ ar shíle. ar ndóigh, mara mbeadh an fear beag seo in ann cuidiú a fear óg, bheadh sé bocht i cgónaí, cinnte. ní bhíodh deiseanna ar éirí soibhir fairsing faoin muintir sa mbaile. mar bheadh sí in ann goil abhaile aríamh aríst, bheadh sé go maith mar bhíonn an fear beag draíochta ag cuidiú le a rath. b’fhéidir go mbeadh sé soibhir as a chuidiú seo, agus bheadh fonn ar síle ar bheidh ag posadh fear soibhir.

bhí sí ag plé leis an abhar seo ar fhead píosa, is ansin a deir sí go fadalach, ‘tá sé … ard.’

‘go raibh maith agat,’ ar an bhfear beag. ‘agus a chuid súile… cén dath atá orthu?’

‘tá siad dubh – agus tá a chuid gruaige dubh chomh maith.’

‘agus… an bhfuil sé go breá?’

‘tá, cinnte. níl fear óg ar bith ar an domhan atá chomh breá leisean, ar chor ar bith.’

‘bhoil, tá mé cinnte, is máirtín é do fhear óg, buachaill atá ag obair ag an bhfeilm idir an mbaile mór agus na cnóic, ag fas fhataí. is dóigh liom gurb é ar aon chaoi, mar gheall ar go bhfuil sé an t-aon fhear óg faoin dream uilig nach bhfuil ro-shalach agus ro-ghránna chun posadh thusa féin, cé go bhfuil seisean féin sách salach agus sách gránna, dháiríre, is í sin mo thuairimse!’