Thursday, December 13, 2007

an fear beag olc

‘ach anois, muise, muise an chréatúr. bhíodh deireadh leis an bhfaitíos atá ort. níl mise go holc mar sin! is cráic í, go deimhin, nuair a deirim go mbíonn na fir óga uilig gránna atá thart faoi na bólaí seo. ach níl caoi eile bheith ag cur na céisteanna seo ort, agus tá orm iad a chur. tá an t-eolas seo tábhachtach cé go mbím ag iarradh ag déanamh neart rudaí maithe ar an mbuachaill sin a bhfuil tusa ag iarradh ag posadh.’
‘agus ar mo mháthair?’ a deir sise, cantalach i gcónaí, cé go raibh fatíos fós uirthe. ‘níl mé in ann í a fhágáil. céard a bheas ag tarlú ar an gcréatúr?
‘o muis, a chailín bocht. céard atá níos fearr, an saol sa mbaile le do dhrochsheanmháthair, nó saol nua leis an mbuachaill seo agatsa?’
‘níl mé sásta a bheith ag éisteacht leat!’ a deir síle.
‘nach bhfuil an mháthair sin ’adsa sean, bocht, agus cantalach go hiondúil? nach mbíodh an tráthnóna rofhada ort ag suí leis an seanbhéan?’
‘bhíodh… ach is í mo mháthair í, agus bheadh sí síoruaigneach gan mise, agus mar sin, tá orm fanacht sa mbáile leí.’
‘agus nach mbíonn damhsaíocha agus cráic mhaith ag an mbaile mór dé sathairn tráthnóna, nuair a bhíonns na daoine óga uilig in éindí… ach amháin, tusa thú féin?’
‘bíonn, ach tá mé sásta fanacht le mo mháthair. bhéinn ag iarradh comrádaí deas liom nuair a bheas mise sean.’
bhí an fear beag ciúin ar feadh píosa, ag síleachtáil. ansin duirt sé, ‘tá neart cailíní eile ann atá mór leis an mhícheál óg breá seo ’adsa.’
‘b’fhéidir.’
‘tá cinnte! tá a fhíos agam air. níl fear ar bith faoin tír uilig atá chomh breá is atá seisean, a deir tusa thú féin, agus a deir neart cailíní eile, freisin. ar ndóigh, tá beagnach ’chuile chailín óg aoibhinn thart ansúid nach bhfuil pósta cheana féin (agus cupla atá é) ag iarradh ag pósadh é, cailíní a bhíonns ag castáil air níos minicí is a bhíonns tusa, chuns a bhíonns tusa ag fanacht sa mbaile leis an drochsheanbhean.’
‘níl!’ a deir síle, agus bhí fearg uirthi. ‘ní hé an fhirinne ar chor ar bith!’
‘nach é?’ ar an bhfear beag.
‘ní hé! tá mé cinnte go bhfuil sé ag iarradh ag pósadh mé féin. bíonn sé an-dheas liom nuair a bhíonns muid in éindí. nuair atá mé ag goil go dti an teach an phobail le máime, bíonn sé ag siúl linn tamall go minic, agus bíonn sé an-dheas leis an seanbhean. ar ndóigh, níl sé ag iarradh ag pósadh sise. bíonn sé ag iarradh ag taithneachtáil mise.’
‘tá a fhios agat go mbíonn sé an-dheas le seandhaoine uilig. agus le ’chuile dhuine eile freisin. is lách é, an buachaill sin, is múinte é.’
‘bhoil, ní bhíonn sé ach múinte le na cailíní eile a bhíonns sé ag castáil orthu ag an deireadh seachtaine.’
‘muis, éist leis an gcailín seo!’ ar an bhfear beag agus bhí sé ag gáirí. ‘ar ndóigh, is dóigh leat gur thusa an cailín is áille ar an domhan í, nach ea?’
‘tá mé cinnte go bhfuil cion ag mícheál ormsa féin. chuns a bhi muid ar an meanscóil in éindí, bhí sé mór go leor liom.’
‘creidim go raibh sé cupla blian o shin,’ ar an bhfear beag. ‘agus anois, níl sibh pósta go fóill. cén fath?’

No comments: