Thursday, July 20, 2006

Scéal faoin bhfarraige

Ní raibh an scéal sin fada ach bhí sé go haoibhinn. Bhí fear óg ann agus bhí bean óg ann freisin, agus bhí siad i a gcónaí ar oileann ag maireachtáil ar an iascach. Bíodh and fharraige an-domhain faoi na halltracha agus bhí carraigreacha agus leachracha thart ansin faoin iusce. Cupla áit bhí tránna bheag ann, idir alltracha ard agus dorcha, agus bhíodh an fear óg ag coinneail a churach ag trá amháin mar sin. Bhí an iascach go maith acu.

La amháin, nuair a bhí an oíche ag titim bhí gaoth mhór ag éirí chuns a bhí an fear óg agus cupla fear eile ag iascach, agus bhí timpiste uafásach ag an gcurach. Bhí cór sciobtha ar an curach agus bhí taobh amháin ag titim agus taobh eile ag éirí agus bhí an t-uisce ag tiocht isteach agus bhí an curach rotromm, agus mar sin, bhí sí ag goil faoi. Bhí a mbasanna ar na creatúireacha sin, cinnte.

Ach bhí an bean óg ag siúl ar an trá agus bhí sí ag breathnú ar an bhfarraige go minic, ag toireacht a fear óg agus a chairde, agus nuair a bhí sí ag feiceail an curagh ag goil faoin sáile, bhí sí ag rith go sciobtha ag bád a bhí ar an trá agus sol má a bhí sí ag síleachtáil faoi, bhí sí ag cur an bád sin ag an bhfarraige. Cé nach raibh ach drochsheanbhád aice, agus cé go raibh an gaoth an-mhór, agus bhí farraigi an-mhór ann, bhí sí ag goil go díreach ag na fir a bhí ag an am sin sa an uisce é féin.

Bhí ‘chuile duine ar an mbád go fóill, agus cé go raibh sí cíneal domhain sa an iusce, mar bhí an t-uisce ag teacht isteach, bhí an bhean óg glic go leor agus mar sin, bhí sí in ann goil isteach ag an trá gan bualadh carraigreacha ar bith. Bhí an oíche dorcha nuair a bhí siad ag teacht abhaile, tuirseach, tinn agus fuar.

Ar ndóigh, bhí siad pósta ar ball.

“Tá an péictiúr an-mhaith,” a deir an mháthair. “Is maith liom an fharraige ghorm, agus na carraigreacha móra agus an drochsheanbhád ansin, agus sin í an bhean óg a bhí chomh glic sin. Nach aoibhinn í?”

“Is iontach í an scéal sin,” a deir an fear beag. “Ach, gabh mo leithsceal, a chailín mhaith, tá mo phláta beag falamh anois. Bhí an t-iasc agus an t-arán go deas, ach an bhfuil bia ar bith eile ann ar chor ar bith?”

“Tá,” ar an cailín. “Tá píosa aráin eile ann. Agus tá iasc tilleadh ann freisin. B’fhéidir go bhfuil cupla fata ann freisin, agus sílim go mbeadh cupla ubh ag an gcisteannach chomh maith. Níl ar gcuid bia go hiontach ach tá failte romhat bheith ag ithe é, nach ea, a Mháime?”

“’Sea,” ar shise. "Leag aríst píosa aráin agus píosa iaisc ar an bláta beag ag an fear beag, a Shíle.”

Aríst, bhí an píosa aráin agus píosa iaisc an-bheag ar láimh Shíle, ach bhí siad an-mhór in aice leis an duine beag sin.

“Tá an iomarca bia agat anois,” duirt an cailín. “Ní bheidh tú in ann ithe an chuid uilig!”

“Beidh, muis!”ar an fear beag ag gairí. “Ní bheidh sé sin mo dhóthain! Anois, léigh scéal eile, más é do thoil é.”

1 comment:

Anonymous said...

Ó! A dhiabhail! chuir an scéal sin idir thinnes mara is ocras orm ;-)