Tuesday, August 15, 2006

an capall bán

‘tá cinnte,’ a deir síle, agus fuair sí píosa arán eile agus píosa iasc eile ag an bhfear beag agus ní raibh ceo ar bith fós ar an bpláta. agus bhí na píosaí sách beag ar a láimh, ach bh´siad mór go leor nuair a bhí sí ag cur iad ar a gcloch mhór in aice leis an bhfear beag.

‘go raibh maith 'ad,’ a deir sé, ‘agus mara bhíonn tú rothuirseach, léigh scéal eile, le do thoil. ní raibh mé féin níos compóirteacha áit ar bith eile aríamh. tá tú féin agus do mháthair barriontach, agus tá an bia seo barrdheas, agus tá an tine seo barraoibhinn. ach tá do chuid scéalta níos fearr ná atá rud ar bith ar a dómhan.’

‘tá go maith,’ ar sise. ‘níl mé tuirseach ar chor ar bith. tá scéal eile anseo atá chomh suimiúil leis an bpéire eile.

bhí buachaill óg in a chónaí ar an talamh iseal in aice leis an bhfarraige, agus bhí deachapall bán beag ag an mbuachaill. 'chuile lá bhíodh sé ag imeacht ar a chapall síos an bóthar, mar bhí ober ag ‘chuile dhuine ag na feilmeacha faoin tír sin, agus bhí air goil ag obair.

in aice leis an mbóthar sin bhí drochsheanteach uasach, agus bhí seanbhean gránna olc in a cónaí ansin. bhí sí bocht go leor. bhí inín amháin aice, cailín óg deas nach mbíodh sásta aríamh; agus mac amháin, buachaill gránna a bhí chomh uasach leis an mbean.

a deir an buachaill olc go minic leis an mháthair, ‘a mháime, feicim aríst an buachaill sin a bhíonns ag goil síos an bóthar seo ar a chapall bán beag. is bocht an rud é go mbíonn seisean ar an gcapall sin agus go mbíonn ormsa bheidh ag súil ‘chuile áit a bhfuil mé ag goil. Is dóigh liom go mbeadh an capall sin níos sásta mar bhíonn mise mé féin ar a droim.’

‘béidh sé níos fearr, cinnte,’ a deir an bhean olc. ‘mo mhac, mo chroi, leag clocha beaga ar an mbóthar, sa gcaoi go mbeadh timpiste beag ag an mbuachaill ar an gcapall, sa gcaoi go mbeadh sé ag titim ar an talamh. ansin, má béidh tú glic agus má bhéidh tú scioptha, b’fhéidir go mbeadh a bhas ag an mbuachaill sin agus ní bhéidh duine ar bith ag feiceáil é. béidh ‘chuile dhuine ag síleachtáil go mbíonn sé marbh mar gheall ar go raibh sé ag titim as an gcapall. ansin, béidh an capall ag tusa. béidh ‘chuile dhuine ag síleachtáil go raibh sí ag imeacht amach is amach nuair a bhí an buachaill ag titim faoi na cosa.’

1 comment:

Anonymous said...

Ní mé cad a tharleoidh!