Tuesday, August 08, 2006

pósadh

‘ach, do fhear, a áine. cá bhfuil séisean?’

‘níl aon fhear agam,’ a deir sí.

bhí sé ag caint léi faoin saol a bhí aige, faoin ceol agus faoin damhsa agus faoin síorchraic a bhí ann, agus na héadai álainn a bhí ag ‘chuile dhuine, agus na caiple breá agus na leapacha an-te agus an-chompóirteach freisin.

‘an mbeitheá sásta leis an saol sin?’ ar seisean.

‘tá, cinnte,’ ar sise.

agus mar sin, tá an bheirt pósta anois, agus tá cupla páistí deasa acu. níl síordhamhsaíocha nó síorcheol ag an teach mór sin anois, mar gheall ar go mbíonn an bheirt agus a bpáistí ag siúl in éindí go minic in aice leis an abhainn, nó faoin croinnte, nó ar na cnóic glasa álainne. agus bíonn siad ar chaiple uaireanta, agus nuair atá an aimsir go dona, bíonn siad te go leor sa mbaile ag an teach mór in aice leis an tine.

ar ndóigh, bíonn ceol agus amhráin agus damhsa fós ann anois agus aríst. bhíodh cupla fíorchairde ag an bhfear óg cé nach raibh siad fairsing, agus is iad a gcairde i gcónaí. ní raibh sé i bhfad sól ma a bhí an cailín í féin in ann casadh clairseach go hiontach.

tá mé cinnte go mbeadh siad barrshásta in éindí i bhfad – b’fhéidir a saolta ar fad.’

Nuair a bhí deireadh leis an scéal seo, a deir an mháthair, ‘spáin dhom na péictiúir. is iontach é an péictiúr seo. feicim an cailín óg ansin. nach álainn í?’

‘is capall breá í sin,’ a deir an duine beag, agus sé ag breathnú ar phéictiúr eile. ‘ agus nach fairsing an iasc ag an abhainn sin! ach anois, maidir leis an iasc, bhí mo chuid iasc, a bhí mé ag ith cupla nóimead ó sin, go deas, agus bhí mo phíosa aráin go haoibhinn freisin, ach ní raibh mo dhóthan ann go fóill. a bhfuil ar bith bia eile ann?’

No comments: