Monday, December 01, 2008

an scáthán draíochta

bhí an fear beag ag ithe go suaimhneach, agus bhí sé ag déanamh míongháire ar shíle anois is aríst. ansin duirt sé, ‘níl deireadh leis an lá seo go fóill. Sol má a bheas an oíche ann, beidh tú an-shásta a bheith ag fanacht anseo.’
ach ní raibh síle in ann gan caoin go ciúin í gcónaí.
bhí brón ar an bhfear beag sí, agus bhí sé ag cur síos a scian agus a fharc agus ag breathnú ar an gcáilín go deas. ‘a shíle, tá an aimsir barriontach an lá inniú. bheafeá in ann siúl faoi na croinnte, agus ar na cnoic bheaga íseala atá thart anseo inniú. bíonn siad fiorálainn ag an am seo. Tá a gcuid blathanna go hiontach, agus bíonn neart éanacha deasa ann le éisteacht leob. bíonn a bhfeadaíl go haoibhinn. siúil faoin tír álainn, mo chroi, agus bain blathanna.’
‘níl mé sásta é,’ ar shíle. ‘bheadh rofhaitíos orm ag beith ag fágail an teach seo. cé go bhfuil a dhraíocht go dona, b’fhéidir go mbíonn sé níos measa amhuigh. nífidh mé na soithí.’
‘bhoil,’ a deir an fear beag. ‘nigh iad, go deimhin. bheadh buíochas mór ormsa ort. tá mise ag goil ag cásadh ceol tilleadh ar mo chláirseach mhaith.’
bhí sí réidh leis na soithí go luath, agus bhí sí ag glanadh an bord agus ag cur caoi ar an seomra uilig. Ansin ní raibh sí in ann gan suí ar an gcathaoir aisteach ag éisteacht ar an gceol aoibhinn a raibh an fear beag sí ag casadh. Ag an am sin, ní raibh sí ag iarradh ag dul a codladh, ach bhí a súile sách fliuch leis an gcaoin aríst.
‘is créatúr bocht mise,’ a deir sí, nuair a bhí an fear beag réidh leis a cheol. ‘níl seans ar bith ar chor ar bith go mbeinn sásta aríst aríamh. ní móide go mbeinn pósta ar chor ar bith mara mbeinn pósta ag mo mhicheál breá. ochone, ochone, ochone!’
‘is bocht an rud é, cinnte,’ ar an bhfear beag. ‘ach tá ceo go deas atá agam, a bheifeá in ann breathnú air, agus b’fhéidir go mbeifeá níos sásta ansin.’ agus fuair é scáthán beag a bhí ar an mballa, agus bhí sé ag tabhairt é ar shíle.
bhí shíle ag breathnú air cupla nóiméad agus ansin bhí faitíos mór uirthi. ‘níl mé in ann feicáil m’eadan féin anseo!’ a deir sí. ach bhí sí ag breathnú air í gcónaí – ní raibh sí in ann gan breathnú ar an scáthán, cé go raibh faitíos mór uirthi. ‘agus níl mé in ann feiceáil an seomra seo ar chor ar bith – is áit eile í an áit atá ann! feicim tír aisteach, agus tá baile mór beag deas idir cnoic álainne. tá abhainn aoibhinn ann freisin, ag sruth faoi croinnte deasa, agus tá an fhairrage ansiud. muis! is é mo theach féin é sin, an teach sin, in aice leis and abhainn seo! ochone! is mór an truaí nach bhfuil mé sa mbaile aríst!’
Sol má sí in ann tosú ag caoin aríst, duirt an fear beag, ‘agus an teach sin, in aice leis an teach a phobail?’
‘is teach mháire é,’ a deir sí.
‘an bhfuil tú in ann féiceáil an fear óg atá ag goil isteach go díreach anois?’
‘tá. is míchéal é – agus anois tá máire anseo, agus… tá siad ag tabhairt póg dá chéile!’
‘tá!’ ar an bhfear beag olc agus bhí séisean ag gáirí go ciúin. ‘níl sé go maith, an fear óg seo ‘adsa. bíonn sé tigh mháire go minic, agus bíonn na cabairí ag siúil in éindi agus ag imirt cluifí faoin ngarraí an maidin uilig. feic! nach sásta iad in éindí agus nach breá iad?’

No comments: