Friday, February 27, 2009

cailín brónach

bhí síle ag breathnú ar an mbeirt agus ní raibh focal ar bith aice i dtosach. bhí an fear beag ciúin, chuns a bhí a mhéaracha ag plé leis an gcláirseach. bhí an bheirt a raibh sí ag breathnú orthu ar an scáthán ag gáirí go sásta in éindí agus ag tabhairt pog dá chéile aríst. ansin a deir sí, ‘ochone, ní bheidh mise in ann goil abhaile aríamh aríst.’
‘is iontach é,’ ar an bhfear beag. ‘fanfaidh tú anseo liomsa féin anois! nach an fhírinne iad, mo fhocla? cheana féin tá tú sásta gan goil abhaile.
‘ní fhanfaidh mé anseo ar chor ar bith. níl mé ag iarradh é ar aon chaoi. níl áit ar bith agam ar an domhan anois, ní sa mbaile ná anseo ach oiread. tá mé ag iarradh ag bheidh marbh. ’
‘muis,’ a deir an fear beag, ‘beidh tú sásta fanacht anseo agus gan bheith marbh sol má an oíche ann.’
‘is olc é an scáthán seo,’ a deir síle. fág ámh! a rífíneach! fág ámh!’
bhí fearg ar an bhfear beag, agus a deir sé “deirim, go bhfuil tú dána liom, a bhean óg. muis! bí múinte anois, le do thoil.’
ach bhí fearg ar shíle freisin. ‘bheinn sásta do scáthán uafasach a bhriseadh.’
‘má mbrisfeá tú mo scáthán bheadh mí-ádh ort seacht mbliana,’ ar an bhfear beag.
‘ní bheadh!’ ar an gcailín. ‘ní bheinn beo ar chor ar bith. beidh mé marbh agus ní bheadh mí-ádh ar bith in ann mé a fháil.’
‘bhoil, b’fhéidir go mbeifeá, ach amháin b’fhéidir nach ngoilfeá t’anam go díreach go dtí an neamh. B’fhéidir go mbeadh saol tilleadh agat áit eile, agus go bhfáilfeá an mí-ádh thú ansiúd. is fearr leat nach mbrisfeá thú an scáthán.’ bhí imní air agus bhí sé ag cur é féin idir an cailín agus an scáthán. ‘is tábháchtach liom é an scáthán sin,’ a deir sé. is fiú airgead mór é, agus níl mórán airgead agam. Ní bheinn in ann breathnú ar na saolta ar do thír bhreá.’
‘muis, muis, is ólc thú! is tábháchtach leatsa do dhroch-shean-scáthánsa is atá mo shaolsa féin!’
‘bhoil, ní bheith ag iarradh ag básaigh. ná bí amaideach mar sin. is iontach í an tír seo – níos cómpóirteach ná atá an tír a raibh tú ar. tá ’chúile shórt iontach ann. beidh tú sásta go lear anseo.’
‘ní bheidh. tá mé ag iarradh ag goil abhaile. tá mé ag iarradh a bheith le mo mháime aríst.’

No comments: